ORÓ SÉ DO BHEATHA BHAILE

Oró Sé do Bheatha Bhaile

Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar,
do b’ é ár gcreach tú bheith i ngéibheann,
do dhúiche bhreá i seilbh méirleach,
is tú díolta leis na Gallaibh.[1] Oró, sé do bheatha abhaile,
Oró, sé do bheatha abhaile,
Oró, sé do bheatha abhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh.

Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile,
óglaigh armtha léi mar gharda,
Gaeil iad féin is ní Gaill[2] ná Spáinnigh,
is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.
Oró, sé do bheatha abhaile,
Oró, sé do bheatha abhaile,
Oró, sé do bheatha abhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh.

A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam,
mura mbéam beo ina dhiaidh ach seachtain,
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch,
ag fógairt fáin ar Ghallaibh.
Oró, sé do bheatha abhaile,
Oró, sé do bheatha abhaile,
Oró, sé do bheatha abhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh.